www.dublinelevation.net Vectorial Elevation    
        Ailtireacht Ghaolmhar 4
  Cur Síos

Cuirfidh an suíomh gréasáin seo ar do chumas dealbha soilse ollmhóra a dhearadh sa spéir os cionn chathair Bhaile Átha Cliath idir Aibreán 22 agus Bealtaine 3, 2004 le cabhair 22 tóirsholas a bheidh socraithe thart timpeall ar Shráid Uí Chonaill. Tá na gathanna solais le feiceáil 15 ciliméadar uait; taispeántar dearadh nua gach cúig déag soicind de réir mar a thagann sé ón idirlíon.

Tá múnla réaltachta samhalta de chroílár chathair Bhaile Átha Cliath ar chlár ar an suíomh gréasáin. Féadfaidh tú na tóirshoilse a shocrú uaidh sin agus an bíoma solais a scalfaidh a leanacht ó phointe ar bith is mian leat. Cuireann an suíomh craoladh beo i láthair ó cheithre fhíscheamara atá socraithe ag Halla na Saoirse, Óstán Wynn, Ard-oifig an Phoist agus ag Foirgneamh Liver. Ullmhaíonn an córas leathanach gréasáin a chuireann síos ar gach dearadh agus seolann sé r-phost chuig an rannpháirtí nuair a bhíonn sé críochnaithe; is féidir na leathanaigh seo a aimsiú i rannóg chartlann na ndearaí.

CTá an leagan seo den "Teilgean Veicteoireach" arna choimisiúnú agus arna mhaoiniú ag An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta d’Uachtaránacht na hÉireann 2004 ar an Aontas Eorpach agus arna léiriú ag Féile Naomh Pádraig.

Cuireadh suiteáil an chórais "Teilgean Veicteoireach" i láthair den chéad uair i gCearnóg Zócalo i gCathair Mheicsiceo do cheiliúradh na bliana 2000. Chuaigh breis is 800,000 duine as 89 tír isteach ar an suíomh gréasáin taobh istigh de choicís. Socraíodh suas an tionscadal arís sa bhliain 2002 i gcathair Vitoria-Gasteiz nuair a bhí Artium, Músaem na mBascach um Ealaín Chomhaimseartha, á oscailt. Chuaigh suas le 300,000 duine as 63 tír isteach ar an suíomh agus tógadh anuas breis is 3.5 milliún comhad. Chuir an córas athrú ó bhonn ar Phlás Bellecour i Lyon na Fraince i bhFómhar na bliana 2003 le linn do Chruinniú Mullaigh Domhanda ar Chathracha de chuid na Náisiún Aontaithe a bheith ar siúl. Fuair os cionn 600,000 duine léargas ar an tionscadal thar seacht n-oíche agus clúdaíodh breis is 6.5 milliún de leathanaigh ghréasáin.

Tá roinnt duaiseanna d’ealaín leictreonach d’ardchlú ar a n-áirítear an Nica Órga a bronnadh ag Prix Ars Electronica 2000 san Ostair, bainte amach ag an saothar, mar aon le duais ag Bronnadh Gradam Webby SFMOMA 2001 i San Francisco, Sárdhuais ag Féile Ealaíne Mheán na nEalaíon CG i dTokyo agus Trophée des Lumières i Lyon.

Preaseisiúint Bhaile Átha Cliath.

Cód
Cuardaigh
BARR | Eolas | Glac páirt | Físeán Beo | Cheana | English
© Rafael Lozano-Hemmer, 1999 - 2004