Vectorial Elevation   BHAILE ÁTHA CLIATH, 22/4 - 3/5, 2004
 
Stair taispeántais:
"DÉANFAR AN tSUITEÁIL IS MÓ D’EALAÍN IDIRGHNÍOMHACH AR DOMHAN, “VECTORAL ELEVATION” LE RAFAEL LOZANO-HEMMER, A SHUITEÁIL I mBAILE ÁTHA CLIATH CHUN FAIRSINGIÚ AN AONTAIS EORPAIGH A CHEILIÚRADH.

Amhail ar an 22 Aibreán 2002, beidh aon duine a logann ann sa láithreán gréasáin www.dublinelevation.net in ann dealbha solais ollmhóra a dhearadh i spéir Bhaile Átha Cliath. Beidh mionsamhail fhíorúil thríthoiseach den chathair ar an láithreán gréasáin mar ar féidir le rannpháirtithe dearadh solais a dhéanamh ag baint úsáide as soilse cuardaigh róbatacha curtha timpeall ar Shráid Uí Chonaill. De réir mar a fhaightear samhlacha bealach an Idirlín, taispeánfar patrún nua sa spéir gach cúig shoicind déag. Le 154,000 vata cumhachta, beidh na léasacha solais le feiceáil ó achar 15 chiliméadar. Taispeánfar ainmneacha agus toirbhirtí na rannpháirtithe ar scáileán mór sa tsráid agus ar leathanaigh láithreáin gréasáin phearsanta a dhéanfar go huathoibríoch do gach dearadh. Cuirfidh an láithreán gréasáin i láthair freisin craoladh beo ó cheithre fhíscheamara suite timpeall lár na cathrach ionas gur féidir leis an lucht féachana i gcéin staid reatha na suiteála a fheiceáil.

Is é atá in “Vectorial Elevation” ná saothar an ealaíontóra Mheicsicigh-Cheanadaigh Rafael Lozano-Hemmer, a gcabhraíonn dosaen cláraitheoirí, dearthóirí agus teicneoirí ó chúig thír leis. Féachann speisialtacht Lozano-Hemmer, ar a dtugann sé “ailtireacht gaolmhaireach”, le limistéir uirbeacha a chlaochlú le teicneolaíochtaí idirghníomhacha a cheadaíonn don phobal cuid riachtanach den obair ealaíne a fhoirmiú. Tá sé i gceist go meascfaidh an tionscadal spás fíorúil an Idirlín le spás nithiúil na cathrach chun “frith-shéadchomhartha” mar a thugann sé féin air a chruthú. “Mura nglacann daoine páirt agus mura ndéanann siad a gcion féin ní hann don tionscadal”.

Cuireadh "Vectorial Elevation" i láthair den chéad uair i gCearnóg Zócalo i gCathair Mheicsiceo, do cheiliúradh na Mílaoise. Chuaigh breis is 800,000 duine ó 89 dtír chuig an láithreán gréasáin (69% ó Mheicsiceo), agus chonaic na milliúin dearthaí na cathrach. In earrach 2002, suiteáladh an tionscadal sa phríomhchathair Bhascach Vitoria, chun comhtharlú le hoscailt an Mhúsaeim Bhascaigh Ealaíne Comhaimseartha, Artium. Don eagrán sin, chuaigh breis is 300,000 duine ó 65 thír (47% ón Spáinn) chuig an láithreán. I bhfómhar 2003, rinne an taispeántas Plás Bellecour i Lyon a chlaochlú, le haghaidh Chruinniú Mullaigh Chathracha Domhanda na Náisiún Aontaithe. Sna seacht n-oíche chuaigh breis is 600,000 duine (81% ón bhFrainc) chuig an bpíosa le breis is 6.5 milliún leathanach gréasáin seirbheáilte. I gcás Bhaile Átha Cliath táthar ag súil go sroichfidh an láithreán gréasáin níos mó ná milliún cuairteoir.

Fuair "Vectorial Elevation" an dámhachtain Golden Nica i 2001, an dámhachtain ealaíne is sine agus is gradamaí ar domhan, arna bronnadh ag an bhféile Ars Electronica agus ORF TV san Ostair. Fuair an tionscadal freisin gradam SFMOMA Webby i San Francisco, Duais Feabhais ag an CG Arts Festival i dTóceo agus Trophée des Lumières i Lyon.

Beidh an píosa á oibriú gach oíche ón 22 Aibreán go dtí an 3 Bealtaine 2004 ó chrónú go breacadh lae.

Tá an píosa seo arna mhaoiniú ag an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta d’Uachtaránacht 2004 na hÉireann ar an Aontas Eorpach.

TEAGMHÁIL PREASA:

Siobhán Colgan
Bainisteoir Caidrimh Preasa - Clár Cultúir
Uachtaránacht 2004 na hÉireann ar an Aontas Eorpach
An Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta
Tithe Fhreidric
Sráid Fhreidric Theas
Baile Átha Cliath 2
Éire

Teil: 353 1 631 3936
Facs: 353 1 631 3956
Fón póca: 353 87 7992330
Ríomhphost: siobhancolgan@dast.gov.ie


  

GRIANGHRAIF:

Catalóga íomhánna ardteifigh le haghaidh íoslódála (scanadh druma 300 pointe in aghaidh an orlaigh):

Vectorial Elevation, samhail Mheicsiceo:
http://www.alzado.net/efotos.html

Vectorial Elevation, samhail na Spáinne:
http://www2.alzado.net/evfotos.html

Vectorial Elevation, samhail na Fraince:
http://www3.alzado.net/elfotos.html

Saothair le Rafael Lozano-Hemmer:
http://www.lozano-hemmer.com/images.php

Chun íomhá a íoslódáil:

1. Téigh chuig catalóg trí dhul isteach i gceann de na seoltaí gréasáin thuas in Explorer, Netscape nó Safari.

2. Cliceáil ar an tsamhail mhion den íomhá is mian leat a íoslódáil - lódálfaidh sé sin an tsamhail mhór ardteifigh i do bhrabhsálaí.

3. Nuair atá an íomhá ardteifigh lódáilte sábháil do do thiomántán crua é. Féadfaidh tú sin a dhéanamh tríd an íomhá a tharraingt ón leathanach gréasáin, trí dheaschliceáil le luch dhá chnaipe ar an íomhá agus "sábháil an íomhá" a roghnú ón roghchlár aníos, nó i ríomhairí Mac trí riailchliceáil agus "íoslódáil íomhá go diosca a roghnú ón roghchlár aníos".


  

SONRAÍ AN TIONSCADAIL:

Ainm:
Vectorial Elevation, Ailtireacht Ghaolmhaireach Uimh. 4 

Údar:
Rafael Lozano-Hemmer (Meicsiceach-Ceanadach). Beathaisnéis agus Faisnéis ar a láithreán gréasáin http://www.lozano-hemmer.com

Ionad:
Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath, Éire

Rochtain:
Bealach an láithreáin gréasáin http://www.dublinelevation.net

Dátaí:
Beidh an píosa beo idir an 22 Aibreán agus an 3 Bealtaine 2004, gach tráthnóna ó chrónú go breacadh lae. Gach cúig shoicind déag taispeánfar dealbh solais a chuirtear isteach os cionn Shráid Uí Chonaill.

Cuspóir:
Teacht na ndeich dtír nua isteach san Aontas Eorpach a cheiliúradh. Le haghaidh tuilleadh eolais ar na hócáidí ceiliúrtha, téigh chuigh: http://www.eu2004.ie

Scála:
Cuirfear dhá sholas róbatacha 7KW is fiche ar dhíonta foirgneamh timpeall Shráid Uí Chonaill. Beidh na léasacha solais le feiceáil 15 chiliméadar i gcéin.

Teicneolaíocht:
Tá an comhéadan déanta le Java agus Linux ionas gur féidir an obair seo a amharc le haon bhrabhsálaí agus le haon ardán ríomhaire, gan ghá le breiseáin nó bogearraí speisialta.

Stair taispeántais:
o Ócáidí ceiliúrtha na Mílaoise, Cearnóg Zócalo, Cathair Mheicsiceo, Meicsiceo 1999-2000
o
Oscailt an Mhúsaeim Bhascaigh Ealaíne Comhaimseartha, Vitoria, An Spáinn 2002
o
Fête des lumières, Cruinniú Mullaigh Chathracha Domhanda na Náisiún Aontaithe, Lyon, An Fhrainc 2003.

Léiritheoirí in Éirinn:
Féile Lá Fhéile Pádraig thar ceann Chlár Cultúir na hÉireann dá hUachtaránacht ar an Aontas Eorpach i 2004.
http://www.stpatricksday.ie       
http://www.eu2004.ie

Tá an píosa seo arna mhaoiniú ag an Roinn Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta d’Uachtaránacht 2004 na hÉireann ar an Aontas Eorpach.


 

Stair taispeántais:

Mheicsiceo 1999 - Spáinn 2002 - bhFrainc 2003