www.dublinelevation.net Vectorial Elevation | |||||
Ailtireacht Ghaolmhar 4 | |||||
Teicneolaíocht
Líonra ríomhairí a phróiseálann iarratais úsáideoirí ionas go ndéantar feastal ar dtús ar an iarratas is túisce a fhaightear atá in Teilgean Veicteoireach. Is iad seo a leanas na teicneolaíochtaí éagsúla lena mbaintear: LTagann an t-úsáideoir chuig www.alzado.net agus www.dublinelevation.net, trí sheoladh IP ó Leap Broadband, ár bpáirtí teileachumarsáide. Shuiteáil siad nasc cábla 10Mbps sa seomra rialúcháin ag Óstán Wynn chomh maith le trí nasc chuig ceamaraí gréasáin lonnaithe timpeall na cathrach. Is bosca Linux/Apache taobh thiar de bhalla tine é an freastalaí gréasáin. Ritheann an freastalaí ciú atá scríofa i ríomhtheangacha ar a dtugtar perl agus shell, freastalaíonn sé leathanaigh agus feidhmchláiríní, leaschraolann sé físeáin agus seolann sé ríomhphoist chuig rannpháirtithe. Chun a bheith rannpháirteach íoschóipeálann an t-úsáideoir feidhmchláirín Java a cheadaíonn amharcléiriú fíor-ama 3D de chomhaid VRML gan breiseáin Nuair a shroicheann iarratas barr an chuí, seoltar na sonraí chuig feidhmchlár 3D DMX. Bíonn a fhios ag an bhfeidhmchláirín suíomh cruinn 3D de gach tóirsholas a bhuíochas sin ar chalabrú a rinneadh le haonaid dhifreálacha GPS agus le gnáthshuirbhéireacht. Seolann feidhmchláirín DMX orduithe cuí DMX thar sraithchábla chuig na 22 tóirsholas Syncrolite SX7K chun iad a chur i dtreo an tsuímh cheart. Is treallaimh róbócha xeanón 7 cileavata as an nuaghlúin iad na SX7K a tháirgíonn ga solais an-chomhlínithe. Nuair a tháirgíonn na tóirshoilse dearadh an rannpháirtí, tógann ceithre cheamara ghréasáin aise pictiúir ó Óstán Wynn, ó Ard-oifig an Phoist, ó Halla na Saoirse, ó Fhoirgneamh Heineken. Cuirtear comhartha uisce ar a mbíonn eolas an rannpháirtí ar na híomhánna ag úsáid feidhmchláir shaincheaptha. Chomh luath is a thógtar na pictiúir, déantar leathanach gréasáin don rannpháirtí agus seoltar ríomhphost chuige nó chuici ar a mbeidh a URL. Is féidir le húsáideoir a leathanach gréasáin féin a aimsiú tríd an gcód pearsanta a chur isteach nó tríd an URL a chlóscríobh i mbrabhsálaí an ghréasáin. Ar an leathanach pearsanta bíonn íomhánna reálacha agus samhalta dhearadh an úsáideora chomh maith le hainm, suíomh, dáta, am agus tráchtaireachtaí. Tugann an feidhmchláirín Java an deis do chuairteoirí ceithre cheamara an tionscadail a fheiceáil i bhfíor-am agus taispeánann sé an chathair ón spéir. Tá ainm agus suíomh an rannpháirtí a bhfuil a dhearadh ar taispeáint san am i láthair sa spéir i bhfotheidhil ar an bhfíseán.
|
|||||
![]() |
|||||
|
|
||||
© Rafael Lozano-Hemmer, 1999 - 2004 |