www.dublinelevation.net Vectorial Elevation    
        Ailtireacht Ghaolmhar 4
 

Stair

Tá tóirshoilse ann le breis is 100 bliain. Sainghnéithe de na chéad Taispeántais Domhanda ab ea bíomaí a bhí comhlínithe go dlúth. Baineadh úsáid astu mar chomhartha feiceálach ar an bhfuinneamh nua a thug an nua-aimsireacht ar an saol: leictreachas. Bhí an-tóir ar innealtóirí soilsitheoireachta ag tús an 20ú aois mar atá tugtha síos ag Daniel Canogar, chomh maith le húdair eile. Ní amháin gur úsáideadh iad le béim a chur ar fhoirgnimh chomharthacha ach úsáideadh iad chomh maith chun eitleáin a dhíriú i dtreo ruthag tuirlingthe. Sholáthair úsáid na dtóirshoilse comhlínithe i dtaispeántais ollmhóra Nazi de chuid Albert Speer, ardán don chumhacht mhonoloighiciúil imeaglach nuair a tugadh páirt fearais do dhaoine sna taispeántais ollmhóra Faisisteacha, mar a léirigh Canogar. Le linn an chogaidh úsáideadh tóirshoilse mar fheiste leanúna i gcomhair faire frith-eitleáin, feidhm ar cuireadh deireadh leis le teacht luch an ríomhaire, mar a thaispeánann Axel Roch. I ndiaidh an chogaidh úsáideadh na tóirshoilse i bparáidí i gceiliúradh bua agus ó shin samhlaítear na tóirshoilse le ceiliúradh. Sa lá atá inniu ann úsáidtear tóirshoilse ag ócáidí corparáideacha nó stáit a dhéanann iarracht atmaisféar féile a chruthú, gné a shamhlaítear le céadtaispeántas scannáin de chuid Hollywood agus sraitheanna athchleachtacha solais in úsáid acu.

Forbraíodh Teilgean Veicteoireach den chéad uair sa bhliain 1999 do Chearnóg Zócalo i gCathair Mheicsiceo. Is é an ceathrú saothar sa tsraith ghaolmhar ailtireachta é, ina bhfuil deich saothar anois. Is é príomhchuspóir an tsaothair ná go mbeadh an pobal i gceannas ar an soilsiú suntasach, de dheasca tóirshoilse, a leanann go hiondúil sraith réamhchláraithe gluaiseachtaí. Tá líon mór fasach sa chineál seo oibre. Chuir Jennifer Laughlin cnuasach an-chruinn de naisc anótáilte d’fhasaigh stairiúla le chéile do leathanach gréasáin Amodal Suspension de chuid Lozano-Hemmer agus anseo a leanas tá roinnt samplaí de naisc ón liosta sin :

Ceann de na fasaigh is sine de theileaoibríochtaí solais ná Solas Lindbergh in Los Angeles, a lasadh den chéad uair sa bhliain 1928 nuair a chuir an tUachtarán Coolidge i ngníomh é trí eochair teileagraif a bhrú óna dheasc ag an Teach Bán. Seo roinnt de shaothar reatha ealaíon ónar féidir ceangal díreach a dhéanamh leis an tionscadal.

Ailtireacht idirghníomhach Toyo Ito, cosúil leis an Tower of Winds 1986 dár chuid i Yokohama, a dtagann athrú orthu de réir na n-athruithe timpeallachta mar shampla torann agus luas agus treo na gaoithe.

Ornitorrinco an teilearóbat de chuid Eduardo Kac agus Ed Bennett (1989), an chéad teagmháil leis an réimse ilghníomhach de theileaoibríocht ealaíonta..

Fearas Espace Vectoriel de chuid Louis Philippe Demers agus Bill Vorn, ón mbliain 1993, áit ar spreag láithreacht an phobail patrúin ghluaisne agus torann ó chóimeálacha róbócha solais.

Tionscadal Networked Skin de chuid Christian Möller agus Joachim Sauter ón mbliain 1994 don Ionad Ars Electronica, a dearadh chun foirm an fhoirgnimh a athrú le cabhair chomhéadain dhomhanda..

Fearas The Trace de chuid Rafael Lozano-Hemmer agus Will Bauer ón mbliain 1995, áit ar roinn beirt chian-rannpháirtí an spás teileamataice céanna a tógadh le gathanna solais a bhí ag trasnú..

Knowbotic Research 1996-97 Anonymous Muttering, ina ndearnadh trasnú fíor-ama de shonraí glana le trasfhoirmiú torainn agus solais.

LSaothair theilealáithreachta Ken Goldberg, cosúil lena Dislocation of Intimacy, a thugann deis do rannpháirtithe soilse a lasadh agus a mhúchadh agus féachaint ar na scáileanna a tháirgíonn fearas as scáileán ar an ngréasán..

Light on the Net Project de chuid Masaki Fujihata, saothar a cheadaíonn bleibeanna aonaracha soilse casadh ar thaispeántas in Tokoyo.

Fearas Hans Muller agus Zwarts / Jansma Architecten ón mbliain 1998 i dTollán Leidschenveen a cheadaíonn do dhaoine teachtaireachtaí a sheoladh ar an líonra, teachtaireachtaí a thaispeántar i dtaispeántas leictreonach i spás poiblí.

Clickspace d98 de chuid Stadtwerkstatt, tionscadal trí mhodúl a cheadaigh solas, torann agus teachtaireachtaí a thaispeáint i bhfoirgnimh éagsúla in Linz, san Ostair.

Chuir taispeántas téacsa léasair Hello Mr. President de chuid Johannes Gees, a taispeánadh ar thaobh sléibhe in Davos na hEilvéise, ar chumas ceannairí corparáideacha agus polaitiúla a bhí chruinnithe le chéile in Eanáir na bliana 2001 agus nach mbeadh teacht orthu gan an teilgean, na téacsanna a léamh.

Tionscadal Blinkenlights de chuid Chaos Computer Club i mBeirlín, ar éirigh leis trí chomhéadan slachtmhar foirgneamh oifige a bheochan le taispeántas teachtaireachtaí poiblí.

Is féidir a thuilleadh eolais faoin tionscadail eile le Lozano-Hemmer a fháil ar a shuíomh gréasáin www.lozano-hemmer.com.

 

Cód
Cuardaigh
BARR | Eolas | Glac páirt | Físeán Beo | Cheana | English
© Rafael Lozano-Hemmer, 1999 - 2004