www.dublinelevation.net Vectorial Elevation    
        Ailtireacht Ghaolmhar 4
  Cuidiú, Fabhtcheartú agus CCanna (Ceisteanna Coitianta)

Teilgean Veicteoireach á dhearadh
Lean an nasc "Glac páirt" agus brúigh an cnaipe “Dear” d’fhonn an feidhmchláirín Java a lódáil. D’fhéadfadh sé seo seasamh ar feadh cúpla nóiméad ag brath ar luas do naisc Idirlín.

Tóirshoilse á roghnú
Is féidir tóirshoilse indibhidiúla a roghnú nó a dhíroghnú sa domhan samhalta trí chliceáil ar a seicbhosca nó trí chliceáil ar na tóirshoilse féin. Is féidir freisin gach tóirsholas ar fhoirgneamh a roghnú trí úsáid a bhaint as an roghachlár anuas. Ar deireadh is féidir gach tóirsholas, aon cheann de na tóirshoilse nó do rogha reatha a inbhéartú trí chliceáil ar na cnaipí cuí.

Tóirshoilse a threorú
Cliceáil agus tarraing pointeoir na luiche thar an sprioc leis an gcearnóg dhearg d’fhonn treo na ngathanna solais atá roghnaithe a athrú. Is féidir airde na sprice a athrú chomh maith ach úsáid a bhaint as an mbarra airde. Athraíonn na cnaipí ordaithe agus neamhordaithe treo reatha gach tóirsholas go hincriminteach. Tá líon áirithe patrún réamhchinntithe – triantánach, greille agus colúin – gur féidir a úsáid le tóirshoilse roghnaithe.

Nascleanúint a dhéanamh ar an domhan tríthoiseach (3D)
Féachann tú ar Shráid shamhalta Uí Chonaill amhail is dá mbeadh ceamara agat. Is féidir cliceáil ar an domhan 3D agus é a tharraingt ionas gur féidir breathnú agus dul in aon treo. Nó is féidir brú ar na saighid chun an ceamara a dhíriú i dtreo na saighead. Athróidh na cnaipí + agus – réimse radhairc an cheamara. Má roghnaíonn tú an cnaipe raidió “imighh” agus na saighid a bhrú rachaidh tú i dtreo na saighead sa domhan. Tabharfaidh na cnaipí + agus – an deis duit dul ar aghaidh nó ar gcúl.

Is féidir ceann as aon cheann déag de shuímh na gceamara réamhshocraithe a roghnú lena n-áirítear an pointe féachana de cheithre fhíscheamara an tionscnaimh. Tabharfaidh an lasc seo an deis duit do dhearadh a fheiceáil go tapa ó pheirspictíochtaí éagsúla. Tabharfaidh an titchnaipe an ceamara síos go talamh agus cothromóidh sé an pointe féachana.
 

Fabhtcheartú

Mura dtaispeánann do leathanach cartlainne na híomhánna cuí :
Is féidir go bhfuil na híomhánna a dhéanann doiciméadú ar an gcéad chúpla dearadh a seoladh chuig an gcóras imithe amú.
Athsheolfaimid na haighneachtaí seo chuig an gciú ionas go mbeidh an doiciméadú deireanach foirfe. Téigh isteach sa leathanach gréasáin tar éis cúpla lá.

Ní lódálfaidh na cláir :
Tá gach clár sa suíomh scríofa le Java. Déan cinnte go bhfuil Java suiteáilte i do bhrabhsálaí agus cumasaithe sna tosaíochtaí. Bíonn tacaíocht insuite i gcomhair Java ag gach córas oibriúcháin seachas Windows XP. Is féidir cóip shaor den bhogearra d’aon chóras oibriúcháin a íoschóipeáil ag www.java.com.

Bíonn an físeán an-mhall ag lódáil
Is cóir don fhíseán ó na ceithre fhíscheamaraí nuashonrú a dhéanamh uair gach soicind i naisc ard-bhandaraon (cábla, ADSL, agus araile). Laghdaíonn an ráta nuashonraithe seo má bhíonn níos lú de raonbhanda ar fáil nó má bhíonn go leor tráchta ar an suíomh gréasáin.

Ní raibh mo dhearadh le feiceáil sa spéir
Ag brath ar an líon dearaí seolta roimh d’aighneachtsa is féidir nach mbeadh dóthain ama le do theachtaireacht a thaispeáint. Cuirfidh an córas ar an eolas tú má tharla sé seo agus iarrfar ort iarracht eile a dhéanamh an lá dár gcionn.

Tá an radharc 3D mall!
Tá gach clár ar an suíomh déanta chun go mbeadh siad comhoiriúnach le Java 1.1. Ní scaoileadh an-tapa é Java 1.1 ach tá sé comhoiriúnach don chuid is mó de na brabhsálaithe. Bíonn siad seo a leanas ar na rudaí a chuireann isteach ar fheidhmiúchán do ríomhaire: luas an phróiseálaí, luas an naisc (go háirithe nuair a lódálann na cláir an comhdhéanamh), an cárta físeáin agus an cineál Java atá suiteáilte. Tá an feidhmiúchán is mó feicthe againn le Sun Java ar Windows.

Lódálann cuid den chlár agus ansin reonn sé
Uaireanta teipeann ar fheidhmchláiríní Java lódáil isteach sa chuimhne go hiomlán. Déan iarracht ar dtús an clár a athlódáil trí chliceáil ar chnaipe “refresh” den bhrabhsálaí. Mura n-oibríonn sé sin déan iarracht an cache (an chuimhne shealadach a úsáideann an brabhsálaí d’fhonn cáipéisí a úsáidtear go minic a stóráil) a fholmhú. Chun é sin a dhéanamh téigh isteach sna socruithe “preferences” nó “options” i do bhrabhsálaí agus “delete or empty the cache” ar a nglaoitear “delete temporary Internet files” chomh maith. Nuair a bhíonn sé sin déanta agat téigh amach as an mbrabhsálaí agus oscail arís é…is cóir go n-athlódálfadh cóipeanna glana den chlár agus is cóir go n-oibreodh sé go foirfe.

Cé na córais oibriúcháin agus na brabhsálaithe atá comhoiriúnach ?
Tá na feidhmchláiríní i Windows 95, 98, NT agus XP le Sun agus MS Java in Explorer agus Netscape tástáilte againn. Ritheann MacOSX go breá in Explorer, Netscape, Mozilla agus i Safari. Tacaítear le MacOS9 in Explorer agus Netscape ach le do thoil méadaigh leathdháileadh na cuimhne den bhrabhsálaí (san fhuinneog “get info” den fheidhmchlár san aimsitheoir). Tá Netscape faoi Linux thar cionn.

Ceisteanna Coitianta

Cén áit ar féidir liom an suíomh seo a fháil i dteangacha eile?
Tá leagan Bhaile Átha Cliath den tionscadal seo le fáil i mBéarla agus i nGaeilge. Téigh go dtí www.alzado.net le do thoil agus roghnaigh an teanga atá uait. Rinneadh leaganacha i bhFraincis, i mBascais agus i Spáinnis cheana.

An féidir liom dearadh a sheoladh ag aon am nó san oíche amháin?
Is féidir é a sheoladh ag aon am agus cuirfidh an córas sa chiú é go huathoibríoch agus taispeánfar san oíche é.

Céard a tharlaíonn don dearadh ón uair a thaispeántar sa spéir é?
Tógann ceithre cheamara pictiúir chun an dearadh a dhoiciméadú agus déantar leathanach gréasáin de. Seoltar ríomhphost chuig an údar chun é nó í a chur ar an eolas faoi sheoladh an leathanaigh ghréasáin.

Conas is féidir liom dearadh a fháil?
Ag bun gach leathanach den suíomh is féidir leat dearadh a chuardach faoina chód sainiúil aitheantais. Nó is féidir leat aon téarma chuardach , cosúil le hainm, áit nó focal a chur isteach agus gheobhaidh an córas aon mhacasamhail a bhíonn le fáil sa chartlann.

An mbíonn na nótaí tráchta ar na leathanaigh ghréasáin príobháideach?
Ní bhíonn. Bíonn aon tráchtaire a sheoltar tríd an gcóras seo poiblí agus is féidir le haon chuairteoir iad a léamh. Sa bhreis air seo, stóráltar teachtaireachtaí i gcartlann bhuan phoiblí. Dá bhrí sin ná seol aon eolas atá faoi rún nó príobháideach..

Cen fáth a bhfuil mo sheoladh ríomhphoist uait? An bhfaighidh mé spam?
Teastaíonn seoltaí ríomhphoist d’fhonn é a chur in iúl do sheoltóirí nuair a thaispeántar dearadh sa spéir. Cé go mbíonn gach nóta tráchta le fáil go poiblí ní nochtófar seoltaí ríomhphoist GO BRÁCH. Is féidir a bheith cinnte nach nochtófar do sheoladh do dhaoine a bhíonn ag seoladh spam.

Conas is féidir liom a bheith cinnte nach bhfaighidh mé ríomhphost go brách ón tionscadal seo?
Má fhaigheann tú ríomhphost ón tionscadal seo is mar gheall go ndeachaigh tus nó duine éigin eile isteach ann fad is a bhí dearadh á sheoladh agat. Scríobh chuig karine@antimodular.com, le do thoil mura mbíonn tú ag iarraidh teachtaireachtaí a fháil ó aon duine agus déanfaimid cinnte nach seolfar aon ríomhphost chugat go brách.

Céard a tharlóidh i ndiaidh Bealtaine 3, nuair a chríochnófar an saothar?
Coinneoidh an suíomh air ag feidhmiú agus beidh sé fós ar chumas daoine dearaí a dhéanamh. Ní bheidh na tóirshoilse ag obair áfach agus dá bhrí sin ní thaispeánfaidh an córas ach na dearaí is cosúla leis an aighneacht ón gcartlann.

An dtarlóidh an tionscadal arís?
Mar go reáchtáltar an tionscadal i gcathracha éagsúla beidh an comhéadan fós ar fáil ag an seoladh www.alzado.net, dá bhrí sin tóg nóta den leathanach le do thoil.

Cód
Cuardaigh
BARR | Eolas | Glac páirt | Físeán Beo | Cheana | English
© Rafael Lozano-Hemmer, 1999 - 2004